Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
pisreoga ag baint leis an iascaireacht: deirtí go raibh an scadán uasal agus áit ar bith ina mbíodh argóint nó a leithéidí ar siúl, d’imíodh na scadáin.
Dá gcastaí bean rua daofa agus iad ag gabháil ag iascaireacht, chreid siad go raibh droch-ádh ansin.
pisreoga ag baint le hainmneacha. Bó caite; droch amharc ar an bhó agus ní bhéití ábalta bainne a fháil uaithi. Cur síos ar an dóigh leis an bhó a leigheas. | 00:04:12 | |
An iascaireacht do dhaoine an oileáin. Chuir an rialtas deireadh leis an iascaireacht agus dár le Pádraig nár fágadh rud ar bith ag muintir an oileáin. Tá cé in Inis Bó Finne a chuirfeadh náire orthu. Tá an ché tógtha le fada, fada an lá agus tá droch bhail uirthi agus tá sí iontach dainséarach.
Measann Pádraig é féin gur doiligh a rá cé acu a rachaidh daoine ar ais le cónaí ar an oileán níos mó. Nuair a bhí moll daoine ina gcónaí ar an oileán, níor chuidigh an rialtas agus tá seans nach gcuideodh siad anois nuair nach bhfuil an oiread sin fágtha. | 00:05:03 | |
Focail ag baint leis na báid/iascaireacht:
Snaidhm dol bhacán an choinín.
Snaidhm na seamróige. | 00:03:16 | |
Sa gheimhreadh bhíodh siad ag cóiriú eangach. Snáthadán ag cóiriú eangach scadáin. Mugarlán fá choinne eangach potaí gliomach. | 00:03:45 | |